Folúntas: Clár Reachtaire i nDoirí Beaga

first_imgTá post mar Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga fógraithe ag RTÉ. Post lán-aimseartha ar chonradh seasta dhá bhliain atá i gceist. Tá iarrthóirí atá díograiseach, eagraithe agus a bhfuil tuiscint faoi shaol chultúrtha agus polaitíochta na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta acu á lorg.Ba cheart go mbeadh Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt ag iarrthóirí chomh maith. Oibríonn an Clár Reachtaire i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.I measc na ndualgas a bheidh ar an gClár Reachtaire, beidh:* Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla.* Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu. * Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile.* Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta.* Cabhair a thabhairt do sheirbhísí eile de chuid RTÉ de réir mar is gá.Tuilleadh eolais ar fáil ag rté.ie/careersFolúntas: Clár Reachtaire i nDoirí Beaga was last modified: September 7th, 2018 by StephenShare this:Click to share on Facebook (Opens in new window)Click to share on Twitter (Opens in new window)Click to share on LinkedIn (Opens in new window)Click to share on Reddit (Opens in new window)Click to share on Pocket (Opens in new window)Click to share on Telegram (Opens in new window)Click to share on WhatsApp (Opens in new window)Click to share on Skype (Opens in new window)Click to print (Opens in new window) Tags:Doirí BeagaRaidió na GaeltachtaRTEVacancylast_img